Céard é ePlean?

Barr  Ar aghaidh

Is feidhmchlár é ePlean bunaithe ar chaighdeáin an idirlín a sholáthraíonn rochtain de chineál ceisteanna ar phróiseas Pleanála an Údaráis Áitiúil le hiarratas a chinntiú ar Chead Pleanála. Is macasamhail é de na córais inmheánacha atá in úsáid sa gcuid pleanála. Tá gach eolas atá le feiceáil ag cuntar na hoifige anois ar fáil tríd an áis seo ar líne. Is féidir leis an úsáideoir anois cuardach a dhéanamh ar iarratas, trí eolas ar leith cuardaithe a chur isteach, ar nós Ainm, Seoladh nó uimhir thagartha Phleanála. Is féidir leis an úsáideoir anois filleadh ar liosta iarratas a fuarthas chomh maith leis sin, iarratais a bhfuil cinneadh déanta nó le déanamh leo taobh istigh de 7-42 lá.

Tá fáil ar fheidhmchlár ePlean trí nasc ar gach ceann de shuíomhanna gréasáin Údarás Áitiúil. Nuair a osclaítear é, cuirtear an scáileán seo thíos os comhair úsáideoirí.

 

 

 

Roinntear an scáileán ina thrí chuid:-

 

Léiríonn an chuid ar barr, nó an Ceanntásc, sonraí faoin Údarás Áitiúil óna bhfuil an rochtain ar an bhfeidhmchlár ag teacht.

 

Tá roghanna ar bharr an chláir don suíomh a nascleanúint agus an t-ionchuir le cuardach tapa a dhéanamh.

-  Cliceáil ar an gcomhartha Cúnta le cúnamh ar léiriú don leathanach reatha.

 

 

Roinntear an príomháit i lár an scáileáin a thuilleadh ina dhá chuid bhreise:

 

Nascleanúint
Roghnaigh Cineál an Chuardaithe.

 

Léiríonn an bun an t-eolas séanta.

 

 

Féach freisin:

Inrochtaineacht

 

Nascleanúint

 

Tá na roghanna nascleanúna le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den phríomháit. Cliceáil le ceann de na roghanna seo a leanas a roghnú.

 

- Cliceáil le scáileán Chineál an Chuardaithe a oscailt.

 

 

- Cliceáil le scáileán na n-iarratas Pleanála a oscailt.

 

 

- Cliceáil le scáileán na liostaí Pleanála a oscailt.

 

Nuair a osclaítear scáileán na bhFeidhmchlár, méadaíonn an liosta Nascleanúna leis an rogha seo a leanas a chur san áireamh :-

 

- Cliceáil le scáileán Thorthaí an Chuardaithe a oscailt.

 

Roghnaigh Cineál an Chuardaithe

 

Léiríonn príomháit an scáileáin Roghnaigh Cineál an Chuardaithe rud a thugann rochtain duit an cineál cuardaithe ar mhian leat a dhéanamh a roghnú ó na roghanna a leanann. Aimsigh Iarratas Pleanála nó Líostaí Iarratas Pleanála.